Fáilte chuig Coláiste Naomh Iosadóir
Eaglais Náisiúnta na hÉireann sa Róimh
Mar ba nós le Naomh Proinsias ó Assisi féin, is le gairdeachas agus le grá a bheannaíonn muid do gach uile dhuine a thugas cuairt ar Choláiste Naomh Iosadóir. Fáilte agus fiche romhat más deartháir nó deirfiúr thú!
Is cuid é Coláiste Naomh Iosadóir de Phroibhinse Phroinsiach na hÉireann agus is cuid í sin d’Ord na bProinsiasch Mionúr.
Ón mbliain 2006 i leith, tá an Coláiste ligthe ar léas do Mhinistir Ginearálta an Oird agus is éard ar bheartaigh sé sin air, Coláiste Naomh Bonaventura i nGrottaferata (An Róimh) – idir chomhthionól na mbráthar agus ghnóthaí uile – a aistriú go dtí Coláiste Naomh Iosadóir.

Tá leabharlann dá chuid féin ag foireann an Choláiste sin (CNB) agus is é an ceann oibre atá acu cáipéisí de chuid na mBráthar Prionsiasach sa mheánaois a scrúdú.
Socraíodh go mbeidh Bráithre as Éirinn sa láthair i gColáiste San Iosadóir i gcónaí, dá mb’fhéidir. Is é an dea-scéal ámh, gur éirigh le Coláiste Naomh Iosadóir – agus é faoi choimirce na Proibhinse Proinsiasaí in Éirinn – ón samhradh 2017 amach a bheith ina theach léinn as úire agus triúr mac-chléireach ag déanamh staidéir anseo le bheith ina sagairt.
Ní beag an obair thógála ba ghá a dhéanamh chun lóistín a chóiriú do lucht an chomhthionóil nua agus chun maise a chur ar an leabharlann as Grottaferrata.
Maidir le comhthionól na m bráthar, is éard atá sa chomhaireamh ceann go hiomlán anois, ceithre bhráthar déag isteach ó sé thír ar leith– agus orthu siúd an Eilvéis, Éire, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, agus na Stáit Aontaithe.
Eolas Na Bráithre
Ó mhí Meán Fómhair 2017 amach, is éard atá sa Chomhthionól:
1. Institiúid Naomh Bonaventura an Ardléinn.
2. Bráithre Proinsiasacha as Éirinn agus ina measc sin mic léinn le haghaidh sagartachta.
Leabharlann Lúcas Uaidín
De thoisc cúrsaí atheagair atá ar siúl, beidh Leabharlann Uaidín agus Leabharlann Naomh Bonaventura dúnta i gceann achair. Cúis aiféala dúinn an scéal sin.

Cém chaoí teagmháil linn
Is é seoladh Choláiste Naomh Iosadóir sa Róimh:
COLLEGIO S. ISIDORO,
VIA DEGLI ARTISTI 41, 00187 ROMA,
ITALIA – AN IODÁIL
Uimhreacha teileafóin:
+39.06.4885359 (bain úsáid as an “0”)
Facs:
+39.06.4884459 (bain úsáid as an “0”)
Seoladh Ríomhphoist:
Seirbhísí Eaglaise
Bíonn Eaglais Naomh Iosadóir oscailte roimh phobal Dé gach uile mhaidin Domhnaigh le haghaidh Aifrinn a léitear i mBéarla ag 10.00.
Tá fáilte roimh chách.
An Stair
Is leis an mBráthair Lúcás Uaidín, a thosaíonn stair Choláiste Naomh Iosadóir.
Rugadh Lúcás Uaidín i bPort Láirge in Éirinn i 1588 ach bhí air dul thar lear chun oideachas ceart Caitliceach a fháil de dheasca na géarleanúna chreidimh ina thír dhúchais, Éire.
Chuaigh sé isteach in Ord Naomh Proinsias i gcathair Liospóin. Ba é an ceann inmhe ba thúisce a spreag é, cearta a sheasamh don Ord i gcoinne lucht a gcúisithe agus lucht cúisithe Naomh Proinsias a bhunaigh é. Ba é an cúiseamh a rinneadar go raibh an tOrd i gcoinne na foghlama agus an léinn.
Bhain Lúcás Uaidín an oiread sin clú amach dó féin mar dhiagaire gur mheas Rí na Spáinne gur mhaith an mhaise dó é a cheapadh ina chomhairleoir diagachta don toscaireacht a cuireadh don Róimh chun iarraidh ar an bPápa Póil V dogma Ghiniúint Mhuire gan Smál a mhíniú agus a fhógairt.

Ar shroicheadh na Róimhe dó sa bhliain 1618, thug sé dá aire gur bheag ab eol don saol ansin faoi mhuintir na hÉireann agus faoin drochbhail a bhí orthu ina dtír féin. Thairis sin, bhí lucht imris sa Róimh arbh’ é an gnás a bhí acu na hÉireannaigh ansin a dhíspeagadh agus spídiúlacht a ídiú ortha. D’éirigh le Lúcás Uaidín feabhas a chur ar an scéal sin diaidh ar dhiaidh.
Toisc an tóir a bhí aige ar an mbeatha shimplí, níor mhian leis cur faoi in Ambasáid mhór gháifeach na Spáinne sa Róimh agus tugadh cead dó dul ina chónaí i gclochar na bProinsiasach i ngar do Eaglais San Pietro in Montorio ar shlios chnoc an Janiculum sa Róimh (nach bhfuil i bhfad ón Villa Spada, mar a bhfuil Ambasáid na hÉireann anois).
Ba in Eaglais San Pietro in Montorio freisin a adhlacadh na Taoisigh as Éirinn, mar atá Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoin (+1616), a mhac Aodh O Néill, Barún Dhún Geanainn (+1609) agus Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thir Chonaill (+ 1608). Bhí orthu éalú as Éirinn thar loch amach sa bhliain 1607 tar éis comhrac a chur ar fhórsaí na Banríona Eibhlís, nuair ba bháire buailte dóibh é. Ar theacht don Róimh do na Taoisigh i 1608, chuir an Pápa fáilte rompu agus gur chaith sé go honórach leo.
D’iarr Ministir Ginearálta na bPrionsiasach ar Lúcás Uaidín dul i gcúram foirgimh – eaglais bheag agus clochar – a bhí fós dá thógáil. Ba istigh i gcathair na Róimhe a bhí siad sin agus iad tiomnaithe do Naomh Iosadóir ó Mhaidrid, naomh a bhí ina thalmhaí is é ina bheatha. Ar an ábhar sin is ea a ainnmníodh é ina phatrún ar thalmhaithe agus ar an talmhaíocht. Ní ró-fhada roimhe sin a rinneadh naomh d’ Iosadóir.
Is follasach go raibh an foirgneamh báite i bhfiacha ach níor lúide sin fonn Lúcáis Uaidín a lántoil a thabhairt do iarratas an Mhinistir.
Tugadh cead a chinn do Lúcás Uaidín teach léinn a bhunú ansin faoi chomhair na bProinsiasach as Éirinn. Ghlac sé comaoin airgid ó dhaoine carthanacha grádiaúla agus san áireamh bhí na Pápaí a bhí i gcoróin ag an am agus díorma beag de na cairdinéil, na prionsaí agus na hambasadóirí. Dá bharr siúd, bhí ar a chumas an clochar a athchóiriú agus cur lena mhéid agus an eaglais a thabhairt chun críche. Ba sa chaoi sin a tháinig chun bheith ar an bhfód do Choláiste Naomh Iosadóir na bProinsiasach as Éirinn, gur tugadh údarás dó mar theach machnaimh agus léinn faoi stiúir Lúcáis Uaidín agus é ina reachtaire eaglasta de réir Bhulla an Phápa Urban VIII. Chuir an Pápa lámh leis an mBulla sin sa bhliain 1625.

Coinníodh Naomh Iosadóir mar phatrún i gcónaí, agus ainmníodh Naomh Pádraig mar chomh-phatrún maille leis. Ón tús chuir Lúcás Uaidín tábhacht mhór leis an léann agus ba é a chuir bun leis an leabharlann mhór sa Choláiste, leabharlann a chuimsigh lámhscríbhinní agus leabhair ón mbliain 1400 anuas – séadfine tábhachtach gan amhras.
Ón am sin riamh – taobh amuigh de dhá achar ghearra i rith fhorghabháil Napóilean ar an Róimh agus ní go hiomlán a bhí sé sin ach oiread – mhair Coláiste Naomh Iosadóir i seilbh na mbráithre as Éirinn. Tráth a bhí Napolean i dtreis, shábháil an Gairdian, Séamus Mac Cormaic, an leabharlann agus an chartlann. Le linn tréimhse, tháinig péintéir Gearmánach i seilbh an fhoirgnimh, fear arbh ainm dó Johann Friederich Overbeck agus díorma beag péintéirí in éindí leis ar baisteadh an scoil Nazaríneach orthu. Ba ar an ábhar sin a tugadh Via degli Artisti ar an tsráid. Is ar an tsráid sin atá Coláiste Naomh Iosadóir sa lá inniu agus is ansin freisin a bunaíodh an chéad Choláiste Éireannach (nó Collegio Ludovisiano) anallód agus ba é Lúcás Uaidín a chuir tús leis sin freisin, ar le haghaidh gnáth-mhac-chléireach é.
Chaith Lúcás Uaidín tríocha bliain dá shaol agus é ina reachtaire ar Choláiste Naomh Iosadóir. I rith an achair sin, bhunaigh sé an Coláiste Éireannach don ghnáth-chléir sa Róimh,agus lena chois sin, bhí lámh ar leith aige sa fhrith-athchóiriú creidimh ar chuir Comhairle Trent tús leis, agus gur chuir an Pápa Pius V I i bhfeidhm agus i ngníomh é.
Chuir Lúcás Uaidín scríbhinní Duns Scotus in eagar, an fealsamh a mhair in Oxford sa mheánaois. Ba é Duns Scotus a chosain teagasc Ghiniúint Mhuire gan Smál, teagasc a shonraigh an Pápa Pius IX é in 1854 mar dhogma an chreidimh. Tharraing Lúcás Uaidín clú ar féin de bharr na hoibre sin. Ach ba é an t-éacht oibre liteartha ba mhó a chuirtear ina leith, stair Ord na bPrionsiasach ó thús tosaigh darbh ainm Annales Ordinis Minorum. Fuair Lúcás Uaidín bás sular chríochnaigh sé an saothar sin ach lean bráithre eile de chun ceann scríbe.
Ba chúl toraic é Lúcás Uaidín le cúis na hÉireann sa Róimh. Agus ba é eisean ba mhó ba údar le Féile Naomh Pádraig a bheith greamaithe i bhFéilire na hEaglaise comhchoitianta

D’fhoilsigh Lúcás Uaidín freisin eagrán iomlán le nótaí de scríbhinní Naomh Proinsias ó Assisi. Scoilt sé scríob nua sa scoláireacht agus é i mbun an tsaothair sin agus is ró-mhinic ar fad a bhaineann scoláirí agus mic léinn leas as le stair agus spioradúlacht na bProinsiasach a thuiscint agus a mhíniú.
Maidir le Coláiste Naomh Iosadóir, d’fhan sé i gcónaí faoi anáil Lúcáis Uadín, ach tháinig forás rathúil agus sciobtha air idir sin agus tráthas – forás gur bheag dá chuimhne a bhí ar lucht a bhunaithe. Is ansin a bhailigh i gceann a chéile na daoine a cuireadh ar ionnarbadh as Éirinn, agus sa chomhaireamh ceann lucht leanúna Lúcáis Uaidín féin. Lena chois sin, bhí cáil ar an gColáiste de bharr na foghlama agus an léinn agus de bharr na misinéirí a chuaigh amach uaidh ar fud na hEorpa. Bhí sé maíte go coitianta ar Lúcás Uaidín gurbh’é gan ghó a ghlac páirt Ambasadóra chuig an Suí Naofa den céad úir ríamh thar cionn phobal na hÉireann.
Ní dhearnadh faillí riamh ar an mbunchúis ar cuireadh an Coláiste ar bun, mar atá oiliúint a chur ar fáil do bhráithre miseanacha le go gcraobhscaoiltí an soiscéal do na fíréin sa bhaile in Éirinn. Cuid mhór acu siúd thugadar a n-anam go misneach trí ghuais is ghéibheann ar son na cúise sin, agus ina measc bhí: Diarmuid (Proinsias) Ó Súilleabháin ó Chiarraí, Pádraig Pléimeann (a shaothraigh an bás i bPrág), Eoghan Ó Catháin ón gClár, Tadhg (Bonaventura) Ó Carraithigh, Donnacha Ó Nialláin ón gClár agus Risteárd Synnot (a fuair anbhás i Loch Garman). Rinne na misinérí sin an turas go hÉirinn i ngan fhios do na húdaráis ghallda agus faoi bhréagriocht. Mhaireadar faoin mbochtanas agus faoin dealús ar fad agus iad ag fáil dídine i mbráicíní sléibhe nó in uaimheanna talún agus ag fulaingt ocrais agus fuachta de shíor.
I rith an trátha sin, is follas go raibh dlúth-bhaint ag an bPrionsa Séarlas Éamonn Stiobhartach leis na bráithre Proinsiacha i gcomhthionól Naomh Iosadóir. “Séarlas Óg” ab’ea é, a bhí ag éileamh choróin na Breataine agus é ar deoraíocht sa Róimh. Ba é an Reachtaire an tAthair Micheál Mac Cormaic a chuir an ola dheireanach ar “Shéarlas Óg” is é ar leaba a bháis.
I rith an 19 céad déag, chuir Coláiste Naomh Iosodóir buíon nach beag de mhisinéirí go dtí an Astráil. Ba é an tAthair Mac Aogáin an chéad easpag Caitliceach ar chathair Adelaide agus ba é ba údar tógála na chéad eaglaise caitlicí i gcathair Melbourne.
I rith an dá chogadh dhomhanda, ba thráthúil an rud é nár ídíodh dochar naimhdeach nó scrios buamála ón aer ar Choláiste Naomh Iosodóir nó ar aon cheann de na Coláistí eile de chuid na hÉireann sa Róimh. Is léir go bhfuil Eaglais Naomh Iosodóir agus an Coláiste ar cheann de na heiseamláirí ailtireachta is fearr ar caomhnaíodh slán iad ón 17 aois sa Róimh. Maireann clabhstra beag mainistreach i gcónaí a chuireann i gcuimhne bhuan do chách gurbh iad na Spáinnigh a chéadbhunaigh an Coláiste. Thóg Lúcás Uaidín clabhstra ní ba fhairsinge atá lán de phictiúir a rinne an péintéir Antonio Sguary as Padua.

San Aula Maxima (Halla Mór) feictear pictiúir freascó a thaispeáineann Lúcás Uaidín agus a chompánaigh tosaigh. Faoin fhreascó sin, tá leac a mheabhraíonn dúinn gur tháinig an Cairdinéal Corsini ansin ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1737 mar a rinneadh a réamhtheachtaithe ar an ócáid chéanna roimhe sin. Ar an lá sin, d’insealbhíodh an Cairdinéal mar Choimirceoir an Suí Naofa ar Ríocht na hÉireann. Maisíodh an Halla Mór i 1672 le honóir a thabhairt do Ghiniúint Mhuire Gan Smál. Tugann na pictiúir ómós do Duns Scotus Beannaithe agus do Naomh Bonaventura. Ba éard a cheap an bheirt sin nárbh fhéidir teagasc Ghiniúint Mhuire Gan Smál a chruthú go cinnte, cé go raibh sé fíor agus gur chreid na fíréin i gcónaí ann. B’amhlaidh a bhí tuairim Naomh Tomás Acuin mar an gcéanna.
Nuair a théitear isteach san eaglais, feictear ar an dá thaobh den doras mór isteach pictiúir den Naomh Pádraig agus Naomh Bríd – patrún agus banphatrún Éireann. Ós a gcionn siúd tá scríbhinní greanta ar leac, scríbhinní den 8ú haois sa tsean-Ghaeilge ar tógadh iad ó Mhartarlaig Aengus Céile Dé.
Tá roinnt pictúr den scoth taobh istigh den Eaglais, agus ar na cinn is fearr gan amhras tá na pictúir le Carlo Maratta (1663) agus go háirithe an pictiúr a rinne sé de Ghiniúint Mhuire Gan Smál. Tá sé sin taobh istigh de fhráma ar shnoigh Bernini é, gur mhaisigh sé é le rósanna a fhulaingíonn Ceiribíní snoite as marmar iad. Ba é Andrea Sacchi an péintéir a rinne an dealbh altóra a thaispeánann Naomh Iosodóir, agus é ina thalmhaí. Is cosúil go ndearna ard-mhaisitheoir den ochtú céad déag an pictiúr a thaispeánann “Naomh Pádraig agus é ag seanmóireacht leis na hÉireannaigh agus ag ruaigeadh na nathracha nimhe as Éirinn.”
Is sa lusca faoin Eaglais atá adhlactha coirp an iliomad daoine a thug grá dár dtír féin agus don léann agus ar dibríodh iad de thoisc an creideamh a admhaigh siad. Ar feadh trí chéad bliain ba é an lusca sin sean-bhaile síoraí na nÉireannach sa Róimh. Feictear a n-ainmneacha sin greamaithe ar thuamaí agus leaca pabhála ansin. Is sa lusca sin atá an Cairdinéal Corsini curtha, Lúcás Uaidín féin, agus Séamus Mac Cormaic sa chomhaireamh. Is ansin freisin atá Aodh Mac Aingil (Aodh Mac Cathmhaoil) adhlactha, an “bráithrín bocht ó Dhún” a chuidigh le Lúcás Uaidín sa saothar mór liteartha a bhí idir lámha aige. Ba “dhuine é de na diagairí ba mhó san domhain lena linn é Aodh agus duine de na scríbhneóirí Gaeilge is cumasaí dá bhfuil againn.” Mhúin Aodh Mac Aingil fealsamh agus diagacht ar feadh ceithre bhliana dhéag ag Coláiste Naomh Antoine i Leuven sa Bheilg agus ansin coisriceadh é mar easpag Ard Mhacha ach go bhfuair sé bás sa Róimh sa bhliain 1626 sula ndeachaigh sé i gceann aistir go dtí a dheoise in Éirinn..
Tá Lúcás Uaidín agus Aodh Mac Aingil araon curtha i lusca na hEaglaise agus tá leaca a gcuimhnithe i gcóngar na hAltóra móire .

Ós comhair altóir Naomh Proinsias amach feictear dealbh Catherine Bryan, agus í ar a leasluí ansin. Ba chailín óg í a tholg an fiabhras agus a shaothraigh an bás as agus í ar cuairt don Róimh i 1864. Ba iníon í leis an gCoirnéal Seóirse Bryan as Éirinn, fear a raibh lámh ar leith aige i nGluaiseacht na Fuascailte Caitlicí. Is cosúil go raibh John Henry Newman (ar oirníodh é ina Chairdinéal blianta ina dhiaidh sin) ag staidéar sa Róimh, a chomhuain is a tharla sin agus é ina dhéagánach tar éis dó iompú ón gcreideamh Anglacánach. D’iarradh air seanmóir a thabhairt ag sochraid iníon an Choirnéal Bryan agus ba é sin an chéad sheanmóir a thug sé uaidh agus é ina Caithliceach. Tá sin breactha síos ag Newmann ina dhialann ar an lá sin.
Ós cionn an dorais ag ceann amháin de cholúnáid an Choláiste tá ráiteas a bhfuil cáil faoi leith air. Luaitear é le Naomh Pádraig agus is ann a chuirtear aithne ar chách géillsine a thabhairt don Suí Naofa. Cén bhrí ach a bhfuil sé intuigthe sa líne dheireanach de gurb ionann bheith i do Chríostaí agus a bheith i do Rómánach mar a fheictear anseo sa Laidin:
SI QUAE DIFFICILES QUAESTIONES IN HAC INSULA ORIANTUR AD SEDEM APOSTOLICAM REFERANTUR UT CHRISTIANI ITA ET ROMANI SITIS.
SLIOCHT AS DÁN NA NOLAG LE hAODH MAC AINGIL OFM (1571- 1626)
Dia do bheatha, a naoidhe naoimh,
isin mainséar cé taoi bocht
meadhrach saidhbhir atá tú
‘s glómhar id dhún féin a-nocht.
Ar neamh dhíbh gan mháthair riamh,
gan athair ‘nar n-iath a-nos
it fhírDhia riamh atá tú
is id dhuine ar dtús a-nocht.
Tabhair, a rí gé nach ceart
áit id thuama don treas brúit
i measc na ngadhar ón tsléibh
lér chosmhaile riamh ar ndúil.
A Mhuire, a mháthair, a ógh,
oscail doras an chró dhamh
go n-adhrainn ardrí na ndúl –
nac córa dúinn ná do dhamh?
A Phádraig ón leanbhsa fuair
bachall Íosa mar bhuaidh grás,
a ghein gan domlas id chlí,
‘s a Bhrighid, bi linn de ghnáth.
A phátrúin oileán na naomh,
fágaidh grása ó Dhia dhúinn;
mar chruimh in uamhaidh Dé a-nocht
glacthar bráithrín bocht ó Dhún.
Míle fáilte anocht i gclí
le mo chroidhe dom rígh fial;
in dá nádúir ó do-chuaidh,
póg is fáilte uaim do Dhia.
